MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeCuairteanna le Páistí

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Cuairteanna le Páistí

Tá a fhios againn, nuair a thagann tú le páistí nó grúpaí daoine, go bhfuil eolas breise ar féidir a bheith úsáideach duit chun do chuairt a phleanáil níos fearr. Tá tuilleadh ar fáil thíos. Cuireann IMMA fáilte roimh gach aois cuairteora, agus is áit iontach do pháistí é IMMA mar gheall ar mhéid agus scóip an champais. Bíonn ár dtaispeántais go léir i gcónaí saor in aisce dóibh sin faoi 18.

Tá réimse cláir tiomnaithe do theaghlaigh againn le siamsaíocht do gach aois lucht féachana, lena n-áirítear ceardlanna agus leabhair saothair féin-stiúrtha saor in aisce. Breathnaigh ar Cad atá ar Siúil i gcomhair a thuilleadh sonraí maidir le hócáidí, agus breathnaigh freisin ar ár gcuid maidir le Teaghlaigh chun a thuilleadh eolais a fháil.

Obair Ealaíne do Páistí

Má thagann tú go dtí na dánlanna le páistí, beidh go leor le feiceáil agus le plé agat. Is minic a bhíonn saothair ealaíne sobhriste go leor, ach uaireanta déantar ealaín ar féidir leat tadhall air freisin. Feicfidh tú comharthaí sna dánlanna chun eolas breise a thabhairt duit, ach má thagann amhras ort, cuir ceist ar bhall Foirne Rannpháirtíochta do Chuairteoirí. Is éasca iad a aithint mar gheall ar a láinnéir gorma.

Family in exhibition

Uaireanta, cuirimid fógraí comhairle ar fáil do shaothair ealaíne, a d’fhéadfadh gan bheith oiriúnach do gach cuairteoirí dar linn. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil taispeántas éigin oiriúnach do do chuairt, labhair leis an ndeasc fáiltithe nó aon bhall dár bhfoireann rannpháirtíochta do chuairteoirí.

Aiseolas chuairteora

"Baineamar an-sult go deo as ár n-am in IMMA, fiú mo chuid páistí 11 mbliana d'aois."

Áiseanna do Leanaí

Ó thaobh áisiúlachta de, tá leithris in oiriúint, ionaid friothála na naíonáin agus seomra taisceadáin ar fáil. Tá ardaitheoirí i ngach cuid den músaem, ionas gur féidir dul suas na n-urlár le bugaithe agus naíchóistí. Bíonn go leor spáis ag an gcuid is mó taispeántas i gcomhair naíchóistí, ach ó am go ham seans go gcuitfidh ealaíontóirí suiteáin a líonann an seomra ar fad.

Tá imirlann bheag sa Chafé agus rogha leathan bia do pháistí. Tabhair faoi deara gur chóir do leanaí bheith faoi mhaoirseacht ag tuismitheoir nó caomhnóir an t-am ar fad ar fud an mhúsaeim agus café.

A B C D