MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeEolas do Chuairteoirí

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Eolas do Chuairteoirí

Leabaithe i 48 n-acra talaimh i gcroílár Bhaile Átha Cliath 8, tá IMMA suite ar an suíomh stairiúil iomráiteach a nglaoitear Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Téann ár gclár níos faide ná spás na dánlainne, agus tugann sé beocht don láthair agus foirgnimh a chomhdhéanann an campas iomlán. Nuair a thugann tú cuairt ar an IMMA, gheobhaidh tú comhluadar agus deis machnaimh inár gcuid dánlanna, gairdíní foirmiúla, móinéir, café agus siopa. Tá eolas tábhachtach ar fáil thíos, a mbeidh úsáideach le linn do chuairte. Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ag IMMA.

Uaireanta ar Oscailt

Tá IMMA oscailte don phobal i gcoitinne 6 lá sa tseachtain. Tá an músaem dúnta ar an Luan, ach amháin Laethanta Saoire Bainc. Ní ligtear cead isteach in aon gailearaí taispeántais aonair in ndhiadh 5.15in. Féach na huaireanta oscailte iomlána thíos.

Uair
Luain: Dúnta
Dé Máirt – Dé hAoine: 11.30rn – 5.30in*
Dé Sathairn: 10.00rn – 5.30in*
Dé Domhnaigh: 12.00rn – 5.30in*
Dé Luain Saoire Bainc: 12rn – 5.30in*

*Cead isteach is déanaí chuig aon dánlann taispeántais aonair ná 5.15in

 

Uaireanta ar Oscailt le linn Saoire

Is iad ár n-uaireanta ar oscailt le linn tréimhse na Nollag ná:

Uair
24 – 26 Nollaig: Dúnta
27 – 30 Nol & 1 Ean: 12.00rn – 5.30in*

Is iad ár n-uaireanta ar oscailt le linn Cáisc 2019 ná:

Uair
Dé hAoine 19 Aibreán: Dúnta
21 – 22 Aibreán: 12.00rn -5.30in*

VISITOR REVIEW

“Músaem den scoth. Tá na saothair ealaíne ar taispeáint in seomraí bhreátha, gealla. Oireann an trasghearradh leathann saothair ar teaspáint do aon duine go bhfuil spéis acu san ealaín. Tá an fhoireann cairdiúil agus eolach. Mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar IMMA.”

Praghas ar Chead Isteach

Tá cead isteach saor in aisce chuig IMMA.

Seans go mbeidh táille iontrála chuig taispeántais áirithe. Bíonn praghas €8/5 an ticéid chuig na taispeántais sin agus bíonn siad i gcónaí saor in aisce do Bhaill IMMA, daoine faoi 18 agus mic léinn lán-aimseartha.

Bíonn cead isteach saor in aisce chuig na taispeántais iníoctha gach Dé Máirt, ach moltar áirithint a dhéanamh roimh ré.

Faoi láthair, áirítear i measc na taispeántais iníoctha IMMA Collection: Freud Project agus Monir Shahroudy Farmanfarmaian, Sunset, Sunrise.

Cuir Ticéid in Áirithe chun Taispeántas agus Ócáidí a bhfuil Ticéid dóibh.

Áiseanna do Chuairteoirí

Tá leithris oiriúnaithe, ionaid friothála ar naíonáin agus seomra taisceadáin ar fáil ar an Príomh-Fhoirgneamh agus ar feadh an tsuímh ar fad. Tá áit páirceála fairsing, láthair fairsing, café agus siopa ar féidir leat leas a bhaint astu le linn do chuairte.

CCTV

Ba mhaith linn ár gcuairteoirí a chur ar an eolas go bhfuil CCTV ag oibriú ag IMMA an t-am ar fad. Ní mór aon cheist a bhaineann leis sin a sheoladh chuig an Rialaitheoir Sonraí, IMMA, Bóthar Míleata, D08 FW31. Is féidir leat freisin ár bPolasaí um Chosaint Sonraí a léamh.

Acmhainní do Chuairteoirí

Nuair a thugann tú cuairt ar IMMA, tá go leor bealaí ann chun tuilleadh a fhoghlaim maidir leis na healaíontóirí nó na saothair ealaíne ar taispeáint againn.

Nuair a bhíonn tú anseo sna dánlanna, an bealach is fearr chun tuilleadh a fhoghlaim ná labhairt le haon bhall lenár bhFoireann Rannpháirtíochta do Chuairteoirí. Is éasca iad a aithint lena láinnéir gorm. Ní hamháin go bhfuil eolas ag éascaitheoirí rannpháirtíochta do chuairteoirí maidir le taispeántas ar leith a bhfuil tú ag breathnú air, ach tá eolas acu freisin maidir le healaín comhaimseartha go ginearálta agus bíonn áthas orthu aon cheist a mbíonn agat a fhreagairt, mór nó beag. Níl aon cheist ró-amaideach!

Tugann an fhoireann freisin turais treoraithe neamhfhoirmiúla, a bhfuil ina intreoir an-mhaith chuig taispeántais reatha. Tarlaíonn na turais 30 nóiméid sin gach Céadaoin ag 1.15in agus gach Satharn agus Domhnach ag 2.30in. Ní gá aon áirithint a dhéanamh, níl ort ach teacht go dtí an pointe cruinnithe sa Príomh-fháiltiú ag IMMA. Déantar na turais sin trí Bhéarla, ach más mian leat turas trí Ghaeilge a iarraidh do do ghrúpa, le do thoil téigh i dteagmháil le [email protected]

Le do thoil, tabhair aga tionscanta réasúnta dúinn agus tú ag pleanáil do thurais.

Léigh

Tá treoir priontáilte ar fáil ag gach aon taispeántas in IMMA, as Béarla, a thabharfaidh eolas breise duit maidir leis an obair. Is féidir leat ceann a phiocadh ag an bhfáiltiú nó ag an mbealach isteach chuig gach aon taispeántas. Cuir ceist ar bhall Foirne Rannpháirtíochta do Chuairteoirí mura féidir leat teacht ar chóip. Is féidir leat freisin teacht ar pdf den treoraí ar an leathanach a bhaineann leis an taispeántas inár suíomh gréasáin.


Faire

Déanaimid go minic físeáin intreoir maidir lenár dtaispeántais comhaimseartha, agus is féidir leat breathnú orthu ar líne inár gcainéal youtube nó sa dánlann. Breathnaigh ar na scáileáin TV ag an mbealach isteach chuig na Príomh-dánlanna ar an 1ú urlár, nó in aice leis an bhfáiltiú nuair a imíonn tú chuig na Dánlanna sa Chlós, nó téigh go dtí leathanach an taispeántais inár suíomh gréasáin.


Éist

Déantar taifead de gach Cur i Láthair IMMA agus cuirtear an chuid is mó inár Leathanach Soundcloud. Is áit iontach é sin ina féidir leat éisteacht díreach ó ealaíontóirí, coimeádaithe agus smaointeoirí is tábhachtaí ar na hábhair taobh thiar de na saothair ar taispeáint againn. Is féidir leat teacht ar naisc chuig na ócáidí curtha i láthair sin ar an taispeántas nó leathanach a bhaineann leo sa suíomh gréasáin.


Comhpháirtíocht Oifigiúil le hÓstán

Má tá tú ag lorg óstáin i mBaile Átha Cliath, molaimid go hard Dean Dublin, Comhpháirtí Fáilteachais Oifigiúil de chuid IMMA. Óna thosaigh siad ag cur fáilte roimh chuairteoirí i 2014, déanann Dean Dublin a dhícheall chun spás bríomhar taitneamhach a chruthú dá gcuid aíonna, díreach i gcroílár na cathrach. Is iomaí saothar ealaíne le healaíontóirí Éireannacha atá le fáil in Dean Dublin ar fud an óstáin. Feictear ina gcuid bailiúchán, coimeádaithe ag James Earley, go leor ealaíontóirí a bhfuil a saothar á léiriú i mBailiúchán IMMA chomh maith; ina measc sin, ealaíontóirí Éireannacha Mark Francis, Richard Gorman, Patrick Scott agus Samuel Walsh. Is féidir le aíonna Dean rochtain a fháil ar ócáidí speisialta de chuid IMMA, só ná déan dearmad IMMA a lua nuair a dhéanann tú áirithint agus nuair a sheiceálann tú isteach chun na deiseanna is déanaí a fheiceáil.

A B C D