MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeInrochtaineacht

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Inrochtaineacht

Tá inrochtaineacht iomlán do chathaoireacha rothaí in IMMA. Tá cathaoireacha rothaí de láimh ar fáil freisin, gach duine ar a sheal féin. Tá ardaitheoirí i bhfoirgnimh an Mhúsaeim, café agus siopa agus tá siad go léir inrochtana go hiomlán. Suíomh mór go leor is ea IMMA, só ní mór bheith ar an eolas faoin fad taistil idir na foirgnimh le linn do thuras a phleanáil. Tá áit páirceála ar fáil do shealbhóirí blue badge in aice leis an príomh-bhealach isteach chuig an Músaem agus Café.

Más mian leat cúnamh ag pleanáil do chuairte, cuir glaoch orainn ag 0 612 9900 nó cuir r-phost chuig [email protected]

Azure Dementia Inclusive Tours

Ar an gcéad Aoine, gach mí, cuirimid turais treoraithe saor in aisce ar fáil, deartha go speisialta chun tacú le daoine a bhfuil dementia orthu agus a gcuid teaghlaigh, cairde nó cúramóirí gairmiúla. Bíonn na turais deartha chun idirghníomhú lenár dtaispeántais reatha agus chun eispéireas taitneamhach sóisialta agus cultúrtha a chruthú. Bíonn gach turas saor in aisce agus tugtar cupán tae nó caife roghnach saor in aisce le chéile i gcafé intí IMMA.

I gcomhair mionchuntais ar an gclár seo agus dátaí le turais atá le teacht, téigh go dtí an leathanach tiomnaithe Azure inár suíomh gréasáin.

Bíonn Azure saor in aisce ach is rí-thábhachtach áirithint a dhéanamh toisc go bhfuil teorainn ar líon na ndaoine. Téigh i dteagmháil le Bairbre-Ann chun a thuilleadh eolais a fháil nó áiteanna a chur in áirithe, [email protected] nó fón 01 612 9955.

A B C D