MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeCafé, Siopa agus Láthair

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Café, Siopa agus Láthair

Leabaithe i 48 n-acra talaimh i gcroílár Bhaile Átha Cliath 8, tá IMMA suite ar an suíomh stairiúil iomráiteach a nglaoitear Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Le linn turais go IMMA, is féidir breathnú ar ár nGairdíní Foirmiúla, Móinéir, an taispeántas stairiúil ‘Old Man’s House’, Siopa IMMA.

Café IMMA

Tá caifé nua pop-up amuigh faoin aer Camerino Bakery suite ar Chlós IMMA.

Opening Times

Uair
Dé Luain 10.00am – 3.00in
Dé Máirt – Dé Sathairn 10:00rn – 5.00in
Dé Domhnaigh: 12.00rn – 5.00in

Fear ag ól caifé

Suíomh

Tá bealach isteach don café trasna an chlóis ón príomh-fháiltiú IMMA.

Siopa IMMA

Soláthraíonn Siopa IMMA rogha leathan bréagáin do pháistí, earraí ealaíonta, seodra, bronntanais, cártaí beannachta, cuimhneacháin IMMA agus gan dabht leabhair le healaíontóirí agus priontaí mínealaíne. Tá sé suite sa chéad urlár ar an Príomh-Dhánlann, os cionn fáiltithe IMMA.

Uaireanta ar Oscailt

Uair
Luain: Dúnta (seachas Saoire Bainc – uaireanta thíos)
Dé Máirt – Dé Sathairn: 10.30rn – 5.00in
Dé Domhnaigh: 12.00rn – 5.00in
Saoire Bainc: 12.00rn – 5.00in

Siopadóireacht ar Líne

Is féidir leat freisin siopadóireacht ar líne ag https://www.theimmashop.com

Láthair agus Gairdíní

Tá Áras Nua-Ealaíne na hÉireann suite in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, an foirgneamh is fearr ón 17ú haois in Éirinn. Bunaíodh an tOspidéal Ríoga i 1684 ag James Butler, Diúc Ormonde agus Viceroy do Shéarlas II chun dídean a thabhairt do shaighdiúirí ar scor, agus lean sé leis an úsáid céanna ar feadh beagnach 250 bliain. Fuair an stíl tionchar ó Les Invalides i bPáras, le fasáid foirmiúil agus clós mór galánta. Críochnaíodh an tOspidéal Ríoga in Chelsea dhá bhliain níos déanaí agus tá go leor cosúlachtaí le feiceáil ó thaobh stíle ann chomh maith. Rinneadh athchóiriú ar Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann ag an Rialtas i 1984 agus osclaíodh é mar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mí Bealtaine 1991.

Old Man's House

Tabhair cuairt ar an taispeántas stairiúil ‘Old Man’s House’ cruthaithe ag OPW chun a thuilleadh a fhoghlaim maidir le húsáid Ospidéil Ríoga Chill Mhaighneann agus conas a bhí an saol istigh ann sna 17ú agus 18ú haois.

Áirítear i stair shuíomh Chill Mhaighneann láithreacha adhlactha ársa, leachtanna ó thús Ré na Críostaíochta, lonnadaíocht Lochlannach agus mainistir mheánaoiseach. Bhí an RHK oscailte mar theach scoir agus otharlann ar feadh beagnach 250 bliain do go leor glúinte ársaí míleata a chaith a saolta agus a fuair bás ansin. Caitheann Old Man’s House súil siar ar scéalta na saighdiúirí sin, i dteannta le scéalta foirne an oispidéil, ón tús ar fad go dtí an t-athchóiriú agus bunaíocht IMMA.

Tá an taispeántas saor in aisce agus suite ag leibhéal an talaimh i nDánlanna an Chlóis, Thiar. Tá sé ar oscailt in uaireanta oscailte an mhúsaeim.


Saothar Ealaíne sa Láthair

Tá go leor saothair ó Bhailiúchán IMMA ar taispeáint faoi láthair i láithreacha an Mhúsaeim. Is féidir leat treoraí iontach do na saothair ealaíne a íoslódáil, do gach aois, anseo: IMMA Artwork Trail

 


Look, No Cows (2014)

Siúlóid speisialta do theaghlaigh is ea Look, No Cows le Laureate na nÓg Siobhán Parkinson, a thugann cuairt ar na saothair ealaíne Bhailiúchán IMMA is ansa léi i láithreacha an mhúsaeim.

Sa ghearrscannán seo, tugann Siobhán Parkinson, a bhí mar an chéad Laureate na nÓg in Éirinn i 2010-12, cuairt ar na saothair ealaíne Bhailiúchán IMMA is ansa léi i láithreacha an mhúsaeim. Labhraíonn sí le páistí maidir leis na saothair ealaíne, an tOspidéal Ríoga agus a ghairdín iontach.


Gairdíní

Tá na gairdíní foirmiúla álainn saor in aisce agus ar oscailte in uaireanta oscailte an mhúsaeim. Dóibh siúd a bhfuil suim acu in áilleacht nádúrtha ghairdíní agus láthair IMMA, rinneamar dhá léarscáil a thugann mionchuntas ar na plandaithe, bláthanna agus crainn a fhásann in aice leis an músaem. Déan íoslódáil ar na cáipéisí sin thíos agus tabhair cóip phriontáilte leat le linn do chuairte, nó breathnaigh air i do ghuthán:

A B C D