MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeTurais Treoraithe

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Turais Treoraithe

Is mór an fiúntas atá sna turais treoraithe chun dul i dtaithí le IMMA agus mionchuntas a fháil maidir lenár dtaispeántais. Tá go leor taithí agus eolas ag ár dtreoraithe maidir le healaín go ginearálta, agus gach taispeántas IMMA ar leith. Bíonn na turais saor in aisce, ach baineann táillí taispeántais i gcás go bhfuil taispeántas le ticéad ar siúil. Is trí Bhéarla a dhéantar na turais de ghnáth.

Taispeántais Reatha

Cuirimid turais neamhfhoirmiúla seachtainiúla ar fáil chun intreoir ginearálta a thabhairt ar thaispeántais reatha ag IMMA.

Tour Times

Uair
Dé Céadaoin: 1.5in
Dé Sathairn: 2.30in
Dé Domhnaigh: 2.30in

Maireann gach turas 30 nóiméad. Le do thoil, tar go luath i gcomhair turais ós rud é go bhfuil teorainn ar líon na ndaoine (uas. 20).

Ní theastaíonn aon áirithint. Tabhair faoi deara go bhfuil seans ann nach dtarlóidh na turais má bhíonn ócáidí, cur i láthair nó ceardlanna ar siúil san am céanna, só moltar duit ceist a chur ag an bhfáiltiú ar an lá, nó roimh do thurais.

OLIVE GALBRAITH

“Láthair síochána agus inspioráide. Tá na curadóirí agus treoirithe íontach, eolach agus chomh cairdiúil. Beidh mé ar ais arís agus arís.”

Turais Treoraithe i nGrúpaí

Tá turais treoraithe ar fáil le haghaidh grúpaí suime speisialta lena n-áirítear scoileanna, coláistí agus oideachais aosaigh. Lean ceann dár mbaill feasacha le Foireann Rannpháirtíochta do Chuairteoirí agus siúil tríd aon cheann dár gcuid taispeántais. Téann an turas trí réimse leathan ábhair agus déanann sé naisc agus míniúcháin idir eilimintí éagsúla lenár gcuid taispeántais reatha. Bíonn gach turas difriúil.

Uaireanta an Turais i nGrúpaí

Bíonn ár dTurais Treoraithe i nGrúpaí ar fáil ó Mháirt go hAoine ag 9.30rn, 0rn, 10.30rn, 11rn agus 2.30in. Tabhair faoi deara go mbíonn an músaem ar oscailt don phobal ginearálta ag 1.30rn, só déantar sceidealú do thurais i ngrúpaí go mór sula bhfuil an músaem ar oscailt don phobal. Déanfaidh sé sin do thuras grúpa níos taitneamhaí.

Ní mór turais i ngrúpaí a chur in áirithe ar a laghad dhá sheachtain roimh ré. Le do thoil, cuir le fios dúinn chomh luath agus is féidir maidir leis an turas sin, ionas go mbeidh tú in ann an dáta agus am is fearr leat a roghnú. Ní féidir linn freagairt d’iarratais i gcomhair turais laistigh dhá sheachtain.

Costas an Turais i nGrúpaí

Tá foireann IMMA i gceannas ar na turais agus bíonn siad saor in aisce, ach cuirtear fáilte roimh deonacháin. I gcás taispeántais le ticéad, baineann na gnáth-tháillí iontrála. Tabhair faoi deara, áfach, go mbíonn gach rud saor in aisce do mhic léinn lán-aimseartha.

Méid Grúpaí

32 duine is ea an t-uasmhéid a cheadaítear i nGrúpa Scoile, agus ní mór ar a laghad beirt bheith ina cheannairí/múinteoirí/daoine fásta maoirseachta.

50 duine is ea an t-uasmhéid a cheadaítear i nGrúpaí Fásta.

Chun Áirithint a Dhéanamh

Déan Clic Anseo chun turas a chur in áirithe ar líne nó seol r-phost chuig: [email protected].

Ní mór turais a chur in áirithe ar a laghad dhá sheachtain roimh ré.

Le do thoil, léigh ár dTéarmaí agus Coinníollacha sula gcuireann tú do thuras in áirithe.

Turais Speisialaithe i nGrúpaí

Chomh maith leis na gnáth-thurais a dhéanaimid, cuireann IMMA réimse turais speisialaithe ar fáil, lena n-áirítear trí Ghaeilge, Tráchtaireacht Fuaime agus Tadhaill. Cuirimid fáilte roimh gach grúpa agus is féidir linn turais a shaincheapadh d’aon ghá atá agat.

Chun teacht ar a thuilleadh eolais agus chun áirithint a dhéanamh, téigh i dteagmháil le Chris Jones ag [email protected]. Le do thoil, cuir le fios dúinn chomh luath agus is féidir chun do chuairt a phleanáil.


Turais Ionchuimsitheacha Azure Dementia

Ar an gcéad Aoine, gach mí, cuirimid turais treoraithe saor in aisce ar fáil, deartha go speisialta chun tacú le daoine a bhfuil dementia orthu agus a gcuid teaghlaigh, cairde nó cúramóirí gairmiúla. Bíonn na turais deartha chun idirghníomhú lenár dtaispeántais reatha agus chun eispéireas taitneamhach sóisialta agus cultúrtha a chruthú. Bíonn gach turas saor in aisce agus tugtar cupán tae nó caife roghnach saor in aisce le chéile i gcafé intí IMMA.

I gcomhair mionchuntais ar an gclár seo agus dátaí le turais atá le teacht, téigh go dtí an leathanach tiomnaithe Azure inár suíomh gréasáin.

Bíonn Azure saor in aisce ach is rí-thábhachtach áirithint a dhéanamh toisc go bhfuil teorainn ar líon na ndaoine. Téigh i dteagmháil le Bairbre-Ann chun a thuilleadh eolais a fháil nó áiteanna a chur in áirithe, [email protected] nó fón 01 612 9955.


Studio 10

Is clár é Studio 10 do dhaoine fásta i ngach leibhéal taithí chruthaithí agus áirítear leis turais treoraithe, plé agus ealaín turgnamhach. Tá sceideal ag an gclár le bloic seisiúin seachtainiúla, ceann i ndiaidh a chéile, le gach aon bhloc ag déileáil le taispeántas ar leith. Bíonn na himeachtaí bunaithe i Studio 10 de chuid IMMA.

Bíonn na bloic seisiúin saor in aisce, ní theastaíonn áirithint, agus tá cead ag rannpháirtithe dul go dtí go leor bloic más mian leo. Breathnaigh ar Cad atá ar Siúil chun na dátaí atá le teacht a lorg, nó tabhair cuairt ar an gcuid maidir le Foghlaim agus Rannpháirtíocht.

Grúpaí Féin-Treoraithe

Má roghnaíonn tú gan turas saor in aisce a dhéanamh le duine dár bhFoireann Rannpháirtíochta do Chuairteoirí, is féidir leat fós cuairt a thabhairt ar an músaem le do ghrúpa, ach is gá duit do chuairt i ngrúpa a chur in áirithe linn.

Athraíonn an t-acmhainn do gach aon spás dánlainne i gcomhair gach aon taispeántas, só is tábhachtach a thabhairt faoi deara gur seans nach féidir leis na dánlanna glacadh le grúpaí móra. Dá bhrí sin, níl aon bharántas ar rochtain agus braitheann sé ar an acmhainn in aon lá agus am ar leith. Tabharfar áit tosaíochta i gcónaí do ghrúpaí atá tar éis áirithint a dhéanamh linn roimh ré.

  • Ní mór do ghrúpaí bheith faoi mhaoirseacht an t-am ar fad. Ní mór grúpaí móra a roinnt i ngrúpaí beaga le cúig duine déag, le ceannaire amháin an ghrúpa.
  • Cinntigh le do thoil go bhfanfaidh an ceannaire leis an ngrúpa an t-am ar fad sa dánlann.
  • Más mian le grúpa le 10 nó níos mó turas féin-treoraithe a chur in áirithe, ní mór dul i dteagmháil le [email protected] ar a laghad seachtain roimh ré
  • Seans go n-iarrfar ar ghrúpaí nach bhfuil áirithint acu roimh ré fanacht nó teacht arís níos déanaí.


Ní mór d’aon ghrúpaí féin-treoraithe ar mian leo IMMA Collection: Freud Project a fheiceáil fógra a thabhairt do IMMA roimh ré ós rud é go mbraitheann do chuairt ar slot ama amháin. Mar gheall ar líon agus nádúr so-bhriste na saothar ar taispeáint agus an spás cúrsaíochta teoranta san fhoirgneamh stairiúil ina bhfuil Freud Centre, tá teorainn dian ar an acmhainn do dhaoine agus ní féidir grúpaí móra a thabhairt go dtí an taispeántas seo. Cuir r-phost chuig [email protected] i gcomhair a thuilleadh sonraí.

Ba chóir do cheannairí grúpa agus mic léinn a thagann go dtí an Dánlann dul i dtaithí le téarmaí agus coinníollacha IMMA.

A B C D