MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeConas teacht ar IMMA

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Conas teacht ar IMMA

Tá bealach isteach chuig IMMA do choisithe agus feithiclí araon sa Bhóthar Míleata. Tá treoracha ar fáil thíos don mbealach isteach sin. Tá bealach isteach eile chuig Cill Mhaighneann (coisithe amháin) i gCuarbhóthar Thuaidh, trasna ó Theach Cúirte i bPríosún Chill Mhaighneann.

 

Ag Siúil

Tá IMMA timpeall 30 go 40 nóiméad ar fhad ag siúil ó lár na cathrach, agus 8 nóm siúil ó ionad iompair Stáisiún Heuston. Táimid suite i mBaile Átha Cliath 8, laistigh 15-20 ar fhad ag siúil ó go leor láithreacha turasóireachta eile.

 

Príosún Chill Mhaighneann, 10 nóiméad

(treoracha trí Gheata Chill Mhaighneann)

Dún Richmond, 16 nóiméad)

(Treoracha trí Gheata Chill Mhaighneann)

Guinness Storehouse, 15 nóiméad

(Treoracha trí Gheata Bhóthar Míleata)

NCAD Gallery, 20 nóiméad

(Treoracha trí Gheata Bhóthar Míleata)

Ard-Mhúsaem na hÉireann:Na hEalaíona Maisiúla agus Stair (Dún Uí Choileáin), 20 nóiméad (trí Gheata Bhóthar Míleata)(Treoracha)


Le Dublin Bikes

Le Dublin Bikes: Tá go leor seastáin Dublin Bikes in aice le IMMA, ceann ag an mbealach isteach i mBóthar Míleata (lasmuigh de Supervalu) agus ceann eile i Lána Chill Mhaighneann.


Ar an gCarr

Ar an gcarr: Tá rochtain ar IMMA do charranna trí Bhóthar Míleata. Mar eolas duit, tá an músaem timpeall 12 nóiméad ar fhad, ag tiomáint ó lár na cathrach (Faiche Stiabhna). Tá áit páirceála fairsing go leor ar an ionad, agus níl ach €3 air don chéad trí huaire. Tógann meaisíní páirceála boinn airgid agus cártaí bainc le chip agus pin. Tá na costais páirceála ar fad ar fáil thíos:

Uaireanta Costas
0-3: €3
0-4: €5
0-6: €10
6+: €15

Tabhair faoi deara le do thoil, má thiomáineann tú go Baile Átha Cliath ón Iarthar / N4 / M4, níl cead agat casadh ar dheis chuig an mBóthar Míleata. Chun teacht ar IMMA ón treo sin, is féidir leat casadh ar dheis i dtreo sráidbhaile Chill Mhaighneann agus teacht air trí Bhóthar Chill Mhaighneann, nó leanúint sna céanna tar éis Stáisiún Heuston agus casadh ar dheis chuig Droichead Rúraí Uí Mhóra agus lúbadh siar ar feadh na céanna i dtreo IMMA, ag casadh ar chlé chuig an mBóthar Míleata.


Leis an LUAS

Leis an Luas (tram) Glac, nó ceangail leis an Líne Dearg i dtreo Stáisiúin Heuston. Tá IMMA 8 nóiméad ar fhad ag siúil ar an mBóthar Míleata.

Is féidir leat an Route Planner a úsáid chun do chuairt a phleanáil le hiompar poiblí.


Ar an Traein

Ar an traein: 8 nóiméad siúil ó Stáisiún Heuston; ó Stáisiúin Uí Chonghaile agus Sráid na Teamhrach ag bus 90 go Heuston.


Leis an mBus

Leis an mbus: Is féidir leat teacht ar IMMA má thógann tú bealach chuig Stáisiún Heuston (45, 79 agus 79a) agus ansin siúil ar feadh 8 nóiméad ar an mBóthar Míleata, nó chuig Ospidéal San Séamas (13, 40, 123), agus siúlóid 8 nóiméad freisin ina dhiaidh sin le céimeanna chuig Lána na hUillinne go dtí Sráid Uí Eireamhóin agus an Bóthar Míleata.

Is féidir leat freisin teacht ar IMMA má úsáideann tú ceann de na seirbhísí bus Hop-on Hop-off. Stopann siad go léir díreach lasmuigh de bhealach isteach chuig IMMA sa Bhóthar Míleata.

Is féidir leat an Route Planner a úsáid chun do chuairt a phleanáil le hiompar poiblí.


Léarscáil Suímh

Déan clic ar ‘treoracha’ ar an léarscáil thíos chun an léarscáil Google seo a fhairsingiú agus beidh tú in ann do phointe tosaigh agus modh iompair a roghnú.

A B C D