MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeCuairteanna le Grúpaí

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Cuairteanna le Grúpaí

Tá a fhios againn, nuair a thagann tú le páistí nó grúpaí daoine, go bhfuil eolas breise ar féidir a bheith úsáideach duit chun do chuairt a phleanáil níos fearr. Tá tuilleadh ar fáil thíos.

Má thagann tú ar cuairt ar IMMA le grúpa ochtar nó níos mó, molaimid duit é a chur le fios dúinn roimh ré, nó ceann dár dturais treoraithe saor in aisce a chur in áirithe.

Turais i nGrúpaí

Tá turais treoraithe ar fáil le haghaidh grúpaí suime speisialta lena n-áirítear scoileanna, coláistí agus oideachais aosaigh. Bíonn gach turas difriúil agus saor in aisce. De ghnáth, tarlaíonn na turais sin sula n-osclaíonn an músaem don bpobal, só is bealach iontach iad chun eispéireas a fháil sa taispeántas ag am ciúin.

Chomh maith leis, cuireann IMMA réimse turais speisialaithe ar fáil, lena n-áirítear trí Ghaeilge, Tráchtaireacht Fuaime agus Tadhaill. Cuirimid fáilte roimh gach grúpa agus is féidir linn turais a shaincheapadh d’aon ghá atá agat.

Breathnaigh le do thoil ar an gCuid maidir le Turais chun a thuilleadh eolais a fháil maidir le dátaí, amanna, méid grúpaí agus conas áirithint a dhéanamh. Tabhair faoi deara nach mór turais i ngrúpaí a chur in áirithe ar a laghad dhá sheachtain roimh ré.

Grúpaí Féin-Treoraithe

Má roghnaíonn tú gan turas saor in aisce a dhéanamh le duine dár bhFoireann Rannpháirtíochta do Chuairteoirí, is féidir leat fós cuairt a thabhairt ar an músaem le do ghrúpa, ach is gá duit do chuairt i ngrúpa a chur in áirithe linn.

Athraíonn an t-acmhainn do gach aon spás dánlainne i gcomhair gach aon taispeántas, só is tábhachtach a thabhairt faoi deara gur seans nach féidir leis na dánlanna glacadh le grúpaí móra. Dá bhrí sin, níl aon bharántas ar rochtain agus braitheann sé ar an acmhainn in aon lá agus am ar leith. Tabharfar áit tosaíochta i gcónaí do ghrúpaí atá tar éis áirithint a dhéanamh linn roimh ré.

  • Ní mór do ghrúpaí bheith faoi mhaoirseacht an t-am ar fad. Ní mór grúpaí móra a roinnt i ngrúpaí beaga le cúig duine déag, le ceannaire amháin an ghrúpa.
  • Cinntigh le do thoil go bhfanfaidh an ceannaire leis an ngrúpa an t-am ar fad sa dánlann.
  • Más mian le grúpa le 10 nó níos mó turas féin-treoraithe a chur in áirithe, ní mór dul i dteagmháil le [email protected] ar a laghad seachtain roimh ré
  • Seans go n-iarrfar ar ghrúpaí nach bhfuil áirithint acu roimh ré fanacht nó teacht arís níos déanaí.


Ní mór d’aon ghrúpaí féin-treoraithe ar mian leo IMMA Collection: Freud Project a fheiceáil fógra a thabhairt do IMMA roimh ré ós rud é go mbraitheann do chuairt ar slot ama amháin. Mar gheall ar líon agus nádúr so-bhriste na saothar ar taispeáint agus an spás cúrsaíochta teoranta san fhoirgneamh stairiúil ina bhfuil Freud Centre, tá teorainn dian ar an acmhainn do dhaoine agus ní féidir grúpaí móra a thabhairt go dtí an taispeántas seo. Cuir r-phost chuig [email protected] i gcomhair a thuilleadh sonraí.

Ba chóir do cheannairí grúpa agus mic léinn a thagann go dtí an Dánlann dul i dtaithí le téarmaí agus coinníollacha IMMA.

A B C D