MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

GaeilgeBaile

Fáilte chuig IMMA, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Spás dochreidte is ea é in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaín chomhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile.

Baile

Is músaem é Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann don ealaín nua-aimseartha in Éirinn atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Osclaíodh an músaem go hoifigiúil i mBealtaine na bliana 1991.

BACK TO ENGLISH

Maidir le IMMA

Institiúid Chultúrtha Náisiúnta na hÉireann i gcomhair Ealaíne Comhaimseartha is ea IMMA. Cuimsíonn a chlár ilchineálach uaillmhianach taispeántais, coimisiúin agus tograí le healaíontóirí Éireannacha agus ó thíortha eile. Tugann a chlár foghlama agus rannpháirtíochta deis do lucht féachana idir óg agus aosta idirghníomhú le healaín chomhaimseartha agus a gcuid cruthaitheachta a spreagadh.

Cruthaíonn IMMA caidreamh idir ealaín agus lucht féachana le spás dochreidte in Éirinn, ina féidir leis an saol agus ealaíon comhaimseartha nasc, dúshláin agus inspioráid a thabhairt dá chéile. Bíonn Bailiúchán Náisiúnta Ealaíne Nua-Aoiseach agus Comhaimseartha á roinnt, á fhorbairt agus á chaomhnú againn don lá inniu agus don todhchaí.

Breathnaigh ar cad atá ar taispeáint in IMMA

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Bailiúchán Náisiúnta Ealaíne

Coimeádann IMMA Bailiúchán Náisiúnta Ealaíne Nua-Aoiseach agus Comhaimseartha na hÉireann agus Idirnáisiúnta. Bunaíodh i 1990 é agus tá breis is 3,500 saothar ealaíne ann anois. Cuirimid an stór náisiúnta seo ar fáil trí thaispeántais in IMMA agus ionaid eile go náisiúnta agus idirnáisiúnta, le cláracha rannpháirtíochta agus foghlama agus áiseanna digiteacha. Déantar sealaíocht ar an mBailiúchán le réimse taispeántais coimeádaithe go speisialta in IMMA gach bliain. Is féidir leat freisin brabhsáil tríd an mBailiúchán ar líne agus breathnú ar fhaisnéis maidir leis na saothair ealaíne nach bhfuil á dtaispeáint i láthair na huaire.

Breathnaigh ar ár mBailiúchán

A B C D