MENUCLOSE

Opening Hours

Full opening hours

Location

Royal Hospital Kilmainham
Dublin 8, D08 FW31, Ireland
Phone +353 1 6129900

View Map

Find us by

Minister Patrick O’Donovan TD announces appointments to the Board of the Irish Museum of Modern Art (IMMA)

The Minister of Culture, Communications and Sport, Patrick O’Donovan TD, is today announcing the appointment of five new members to the Board of the Irish Museum of Modern Art (IMMA).

The new appointees are:

  • Ramatoulaye Adama Diallo
  • Eibhlín Morley
  • Catherine Opdebeeck
  • Brendan O’Sullivan
  • Barry Scannell

 

These appointments are each for five years and follow an open call for expressions of interest and subsequent assessment process operated by Publicjobs.

The details of the current Board members are available at this link: Irish Museum of Modern Art

Commenting on the appointments, Minister Patrick O’Donovan said: “I am delighted to appoint five candidates of the calibre of Ramatoulaye, Barry, Catherine, Brendan and Eibhlín to serve on the IMMA Board and congratulate them on their appointments.  I know their wide-ranging knowledge and expertise will be of great benefit to the organisation and to the cultural community. 

“Boards are central to the governance, oversight and strategic direction of all our National Cultural Institutions. I wish our newest appointees all the very best during their terms on the Board of IMMA and would like to express my gratitude to each of them, and also to the existing members of the Board, for giving so generously of their time and bringing their strength and depth of experience to bear in guiding this important National Cultural Institution”.

ENDS.

Press and Information Office
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
The Department of Culture, Communications and Sport
Tel: 01 6437610
Email: [email protected]
Website:  Department of Culture, Communications and Sport

Note for Editors:
The Board of Trustees of IMMA consists of a maximum of twelve members, all of whom are appointed by the Minister for Culture, Communications and Sport.  Details of the current Board members are available at this link: Irish Museum of Modern Art

Ms Ramatoulaye Adama Diallo is an experienced board director and investment committee member with over 25 years of leadership experience in finance, technology, and governance across Europe, Africa, and the Middle East. She has held senior roles with global organisations including Orange and Google and currently serves on several regulated financial services boards in Ireland and internationally. Deeply interested in art, culture, and creative expression, she is passionate about supporting IMMA’s mission to remain an open, inclusive, and globally connected space for dialogue and discovery.

Dr. Barry Scannell is an expert in AI law and policy, specialising in intellectual property, AI compliance and governance, data protection, and commercial contracts. A Partner in the Technology Law Group at William Fry, one of Ireland’s leading law firms, Barry advises major Irish and international organisations on the legal and regulatory challenges posed by AI technologies and is a recognised voice in public discourse on AI and its implications for the creative industries.

Barry holds a PhD in AI and copyright and plays an important role in helping shape Ireland’s AI policy as a member of the Government-appointed AI Advisory Council, where he chairs its Working Group on AI and the Creative Sector. He has deep roots in the creative industries – as Director of Legal Affairs and Regulatory Compliance at IMRO, the Irish Music Rights Organisation, he worked at the intersection of technology, rights management, licensing, and cultural policy. He served on the Global Policy Committee of CISAC, the international body representing authors’ societies and collective management organisations worldwide, and chaired its working group on AI and copyright. Barry has addressed global forums including the World Intellectual Property Organisation’s (WIPO) ongoing conversation on AI and copyright, and is a regular contributor to national and international news and media. He also sits on the Law Society of Ireland’s Intellectual Property and Data Protection Committee

Ms Catherine Opdebeeck has worked in design and construction, across both the private and public sectors, for the past 20 years. As a practicing Architect she has been involved in the delivery of award winning cultural and museum buildings, always with a focus on design innovation and resilience. Catherine is currently Director of Programme and Procurement at the Grangegorman Development Agency. She brings skills and experience in the area of sustainability extending from environmental and technical considerations, social engagement to corporate compliance and reporting. She is a graduate of University College Dublin, the Technological University of Delft and the UCD Smurfit Business School.

Mr Brendan O’Sullivan brings over a decade of professional legal experience as a qualified solicitor with legal, regulatory and governance roles across the financial services sector. He currently serves at senior executive level in CCH; an investment holding company and as a non-executive director and Audit Committee member of Lotus Care Limited; a provider of residential care services for children and adults with intellectual disabilities. As well as investment experience and a record of civic and cultural sponsorship, he brings expertise in corporate governance, risk management and compliance, alongside a strong commitment to cultural engagement.

Ms Eibhlín Morley is Co-Founder of Cara Advisory, a consultancy specialising in fundraising, strategy, and organisational transformation for non-profits across Ireland and globally. She has led and advised on campaigns raising hundreds of millions in private and corporate philanthropy and sponsorship, working with clients across education, arts, heritage, religion and health. She is an expert in end-to-end project management, external communications and storytelling, executive coaching, training, and facilitation across the non-profit sector.

Eibhlín is Co-Founder of Abú! Performing Arts, a Mayo-based performing arts academy serving the West of Ireland. She is an alumna of Trinity College Dublin, UCD Smurfit School, and Queen’s University Belfast.

Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan TD ceapacháin chuig Bord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)

Tá an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ag fógairt inniu go bhfuil cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA).

Is iad na ceapaithe nua ná:

  • Ramatoulaye Adama Diallo Uasal
  • Eibhlín Morley Uasal
  • Catherine Opdebeeck Uasal
  • Brendan O’Sullivan Uasal
  • An Dr Barry Scannell

Tá na ceapacháin seo go léir ar feadh thréimhse cúig bliana agus rinneadh iad i ndiaidh gairm oscailte ar léiriú spéise agus próiseas measúnaithe arna fheidhmiú ag Publicjobs ina dhiaidh sin.

Tá sonraí faoi chomhaltaí reatha an Bhoird ar fáil ag an nasc seo: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Ag trácht ar na ceapacháin, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:“Tá ríméad orm an cúigear iarrthóirí den scoth Ramatoulaye, Barry, Catherine, Brendan agus Eibhlín a cheapadh chun freastal ar Bhord IMMA agus gabhaim comhghairdeas leo as a gceapachán. Táim cinnte go mbeidh a n-eolas forleathan agus a saineolas de thairbhe iontach don eagraíocht agus don phobal cultúrtha.

“Tá ról lárnach ag boird i rialachas, maoirseacht agus treo straitéiseach ár bhForas Cultúir Náisiúnta go léir. Guím gach rath ar ár gceapaithe nua le linn a dtréimhse ar Bhord IMMA agus ba mhian liom mo bhuíochas a ghabháil leo go léir, agus le comhaltaí reatha an Bhoird chomh maith, as a gcuid ama a thabhairt go fial agus a neart agus a dtaithí a thabhairt leo chun an Foras Cultúir Náisiúnta tábhachtach seo a threorú”.

 CRÍOCH.

Oifig Preasa agus Faisnéise
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
The Department of Culture, Communications and Sport
Teil: 01 6437610
Ríomhphost: [email protected]
Suíomh gréasáin: An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

Nóta d’Eagarthóirí:

Bíonn dáréag comhaltaí ar a uasmhéid ar Bhord Iontaobhaithe IMMA, agus déantar gach duine acu a cheapadh ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá sonraí faoi chomhaltaí reatha an Bhoird ar fáil ag an nasc seo: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Is stiúrthóir boird agus comhalta coiste infheistíochta ag a bhfuil breis agus 25 bliain de thaithí ceannaireachta san airgeadas, sa teicneolaíocht, agus sa rialachas ar fud na hEorpa, na hAfraice agus an Mheánoirthir í Ramatoulaye Adama Diallo Uasal. Bhí róil shinsearacha aici le heagraíochtaí domhanda lena n-áirítear Orange agus Google agus faoi láthair tá sí ag freastal ar roinnt bord seirbhísí airgeadais rialaithe in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá an-dúil aici san ealaín, sa chultúr agus sa léiriú cultúrtha, agus tá sí chun tacú le misean IMMA go díograiseach chun go mbeith sé fós mar spás atá oscailte, ionchuimsitheach agus ceangailte ar bhonn domhanda le haghaidh comhphlé agus fionnachtana.

Is saineolaí é an Dr Barry Scannell le dlí agus beartas IS, agus déanann sé sainfheidhmiú ar mhaoin intleachtúil, comhlíonadh agus rialachas IS, cosaint sonraí, agus conarthaí tráchtála. Is Comhpháirtí i nGrúpa Dhlí na Teicneolaíochta ag William Fry, ceann de na dlíghnólachtaí is mó in Éirinn, é Barry agus tugann sé comhairle do chomhlachtaí móra Éireannacha agus idirnáisiúnta maidir leis na dúshláin dhlíthiúla agus rialála atá ann mar gheall ar theicneolaíochtaí IS agus aithnítear é mar dhuine aitheanta sa dioscúrsa poiblí ar IS agus an tionchar atá aici ar na tionscail chruthaitheacha.

Tá PhD san IS agus cóipcheart ag Barry agus tá ról tábhachtach aige i múnlú bheartas IS na hÉireann mar chomhalta de Chomhairle Chomhairleach IS, arna ceapadh ag an Rialtas, agus é ina chathaoirleach ar Ghrúpa Oibre maidir le IS agus an Earnáil Chruthaitheach. Tá dlúthbhaint aige leis na tionscail chruthaitheacha – mar Stiúrthóir Gnóthaí Dlí agus Comhlíonadh Rialála ag IMRO, an tEagras Um Chearta Cheolta, áit a raibh sé ag obair ag an méid a bhíonn i bpáirt ag an teicneolaíocht, an bhainistíocht cheart, an ceadúnú agus an beartas cultúrtha. D’fhreastail sé ar Choiste Beartais Domhanda de CISAC, an comhlacht idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht do shochaithe údar agus d’eagraíochtaí comhbhainistíochta domhanda, agus rinne sé cathaoirleacht don ghrúpa oibre maidir le IS agus cóipcheart. Labhair Barry ag fóraim dhomhanda lena n-áirítear ag comhrá leanúnach na hEagraíochta Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) maidir le IS agus cóipcheart, agus cuireann sé go rialta le nuacht agus le na meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá sé ar Choiste um Maoin Intleachtúil agus Cosaint Sonraí Dhlí-Chumann na hÉireann chomh maith

D’oibrigh Catherine Opdebeeck Uasal i réimse an deartha agus na tógála, ar fud na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí, le 20 bliain anuas. Mar Ailtire a bhíonn ag cleachtadh, bhí páirt aici i dtabhairt chun críche foirgneamh cultúrtha agus iarsmalainne a bhuaigh duaiseanna, agus bíonn béim aici ar an nuálaíocht deartha agus ar an athléimneacht i gcónaí. Faoi láthair is Stiúrthóir Cláir agus Soláthair í Catherine le Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin. Tugann sí léi scileanna agus taithí i réimse na hinbhuanaitheachta ó ghnéithe comhshaoil agus teicniúla, rannpháirtíocht shóisialta go comhlíonadh corparáideach agus tuairisciú. Is céimí an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Technological University of Delft agus Scoil Ghnó Smurfit COBÁC í.

Tugann Brendan O’Sullivan Uasal breis agus deich mbliana de thaithí ghairmiúil sa dlí leis mar dhlíodóir cáilithe ag a bhfuil róil dhlíthiúla, rialála agus rialachais ar fud earnáil na seirbhísí airgeadais. Faoi láthair tá ról feidhmiúcháin sinsearach aige le CCH; comhlacht sealbhaíochta infheistíochta agus is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin agus comhalta de Choiste Iniúchóireachta Lotus Care Limited é; soláthraí seirbhísí cúraim chónaithigh do leanaí agus do dhaoine fásta ag a bhfuil míchumais intleachtúla. Mar aon le taithí infheistíochta agus stair d’urraíocht chathartha agus chultúrtha, tugann sé leis saineolas i rialachas corparáideach, bainistiú riosca agus comhlíonadh, taobh le tiomantas láidir don rannpháirtíocht chultúrtha.

Is Comhbhunaitheoir Cara Advisory í Eibhlín Morley Uasal, sainchomhairleoireacht a shainfheidhmíonn i mbunathrú tiomsaithe airgid, straitéise agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis ar fud na hÉireann agus na cruinne. Threoraigh sí agus thug sí comhairle d’fheachtais lena mbailíodh na céadta milliún i ndaonchairdeas agus in urraíocht phríobháideach agus chorparáideach, agus d’oibrigh sí le cliaint ar fud an oideachais, na n-ealaíon, na hoidhreachta, an chreidimh agus na sláinte. Is saineolaí í sa bhainistíocht tionscadal ó cheann ceann, sa chumarsáid sheachtrach agus sa scéalaíocht, sa chóitseáil feidhmiúcháin, san oiliúint agus san éascú ar fud na hearnála neamhbhrabúis.

Is Comhbhunaitheoir Abú! Performing Arts, acadamh na dtaibh-ealaíona lonnaithe i Maigh Eo lena bhfreastalaítear ar Iarthar na hÉireann, í Eibhlín. Is céimí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil Ghnó Smurfit COBÁC agus Ollscoil na Banríona Béal Feirste í.